Beoracha s’againn

bogman beer bottle

Bogman

Leann Ómrach Éireannach • 4.9%

Beoir thathagach chothrom braiche nach bhfuil an iomarca leanlusanna ann, agus dá réir tá tréithe na braiche le blaiseadh ann agus é éasca le hól.
Tá dath ómrach ar an deoch agus tá sé níos dorcha agus tá níos mó braiche ann ná mar atá in IPA, ach níl sé chomh dorcha le leann rua Éireannach/Smithwicks.

mild atlantic ale beer bottle

Mild Atlantic Ale

Leann Órga • 4.2%

Má ólann tú lágar agus má theastaíonn deoch uait a bhfuil níos mó dá pearsantacht agus blas féin ann, bain triail as Mild Atlantic – má thaitníonn IPA leannlusanna leat, is mó an seans nach í seo do rogha beorach.

Our Beer Design Story

Tá beoir fhíréanta bhlasta á grúdú againn ó bhí 2012 ann. Tá muid bunaithe ar an Spidéal, Contae na Gaillimhe agus tá muid paiseanta go smior faoi bheoracha fíréanta nádúrtha a ghrúdú leis na comhábhair is fearr. Tá beoir á cruthú agus á grúdú againn a mbaineann ár pobal áitiúil an-sult as agus tá siad bródúil as mar dheoch s’acu féin.

Inár n-ionad Taighde & Forbartha i gCasla, Contae na Gaillimhe, díríonn muid ar réimse beoracha éagsúla a dhearadh agus a chruthú. Is é san áit seo a n-oibríonn muid le braich agus le gráin eile as Éirinn agus as áiteanna ar fud an domhain. Baineann muid úsáid as leannlusanna éagsúla, idir na scothchineálacha stairiúla agus na hibridí is deireanaí de chuid an domhain nua, chomh maith le comhábhair fhuncaíáilte amhail spíosraí, cócó, salann, torthaí agus luibheanna áitiúla amhail raideog agus fraoch. Tá réimse leathan giostaí againn agus cuireann sé iontas orainn i gcónaí an méid blasanna éagsúla a fhágann an giosta ar na comhábhair chéanna.

Caitheann muid go leor ama ag cur bailchríoch ar ár mbeoir ag céim an Taighde agus na Forbartha - athraíonn muid na teochtaí agus an comhuainiú le linn an phróisis grúdaireachta, coipthe agus cóireála. Déanann muid tástáil ó thaobh blas agus boladh ar na torthaí éagsúla a bhaineann le hathruithe beaga a dhéanamh don phróiseas. Nuair a bhíonn muid go hiomlán sásta leis na torthaí, is ansin amháin a chuireann muid an bheoir ar aghaidh chun í a tháirgeadh.

Tá comhoibriú déanta againn le tithe tábhairne, óstáin agus díograiseoirí beorach araon. Oibríonn muid leo chun a mbeoir uathúil féin a dhearadh agus a chruthú agus tá siad seo ar díol acu anois.

Má tá suim agat do bheoir uathúil féin chruthú agus a dhearadh, féadfaidh muid cabhrú leat é sin a dhéanamh. Caith seal lenár bhfoireann grúdaireachta agus foghlaim an chaoi le d’oideas féin a chruthú agus a dhearadh agus úsáid á baint agat as ár bhfearas tráchtála. Déan teagmháil linn agus beidh réiteach againn duit.

Tá ár ngrúdlann tráchtála lánscála i mbun ullmhúcháin, ach idir an dá linn déanann muid méideanna tráchtála a ghrúdú ar conradh lenár gcairde in Trouble Brewing i gCill Dara.

gaeltacht

Déan Teagmháil Linn

Díolann muid beoracha i mbuidéal agus i mbairillí trí dháileoirí éagsúla in Éirinn agus san Eoraip. Chomh maith leis sin freastalaíonn muid ar imeachtaí amhail na féilte bia agus féadann muid beár agus bairillí a chur ar fáil le haghaidh cóisirí. Más mian leat bairille a cheannach le haghaidh ócáide, ní le déanamh ach dul i dteagmháil linn chun fáil amach faoi chostais agus seachadadh.

Déan fiosruithe gnó le:

  Sam Farthing

  sam@spiddalriver.com

  087 9957588

Déan fiosruithe faoi sheachadadh agus fiosruithe eile le:

  Joan Kilfeather

  joank@spiddalriver.com

  087 7972066